IT Security Administrator / Riarthóir Slándála TF

Location
Dublin or Cork or Galway
Closing date

IT Security Administrator

Location: Dublin or Cork or Galway
Grade: Higher Executive Officer
Tenure: Permanent

HIQA is migrating services from on-premises systems to cloud based technologies, including Microsoft Azure, and is currently in a period of transition in which they are operating a hybrid model with both cloud and on-premises based systems in use.

This role is of the IT Security Administrator is part of the Information Governance and Assurance team within the Information Division. The IT Security Administrator will support security activities within the team by ensuring that a range of critical IT security tasks are carried out both routinely and in projects as required to ensure the continuing security of all IT systems with HIQA under guidance from senior engineers within the team. They will also assist with the monitoring and reporting of information security compliance within HIQA covering areas such as user access, security monitoring systems, adherence to security policies and compliance with security directives. They will also be engaged in activities including staff awareness and the management of user security training, security audits and reviews and follow-up to ensure issues are addressed.

This role requires a confident, solutions focused individual with a strong security cyber focus, operational background and good communication and inter-personal skills.

Essential: 

  • Degree qualification (minimum Level 7 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in Computer Science, Information Technology or related discipline deemed relevant by the Authority for the post as advertised. 

And

  • Minimum of 3 years direct experience in managing and delivering of various business requirements covering all stages of development and delivery, of which a minimum of 2 years includes working in delivery of information governance. 

Benefits of working at HIQA: 

  • Permanent position
  • 29 days annual leave
  • Pension Scheme
  • Learning and Development Opportunities
  • Well-being Programme
  • Social Club
  • Employee Assistance Programme
  • Academic Education Support Scheme

Click here to apply

Riarthóir Slándála TF

Láthair: Baile Átha Cliath nó Corcaigh nó Gaillimh
Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Tionacht: Buan

Tá HIQA ag aistriú seirbhísí ó chórais san áitreabh go teicneolaíochtaí néalbhunaithe, Microsoft Azure san áireamh, agus tá an eagraíocht in idirthréimhse faoi láthair, í ag oibriú samhail hibrideach ina bhfuil córais néalbhunaithe agus san áitreabh araon in úsáid.

Tá an ról mar Riarthóir Slándála TF mar chuid den fhoireann um Rialachas agus Dearbhú Faisnéise laistigh den Rannóg Faisnéise. Tacóidh an Riarthóir Slándála TF le gníomhaíochtaí slándála laistigh den fhoireann trína chinntiú go ndéantar raon tascanna slándála TF a bhfuil ríthábhacht ag baint leo go rialta agus i dtionscadail de réir mar is gá chun slándáil leanúnach gach córas TF le HIQA a áirithiú faoi threoir ó innealtóirí sinsearacha laistigh den fhoireann. Cabhróidh sé nó sí le monatóireacht agus tuairisciú ar chomhlíonadh slándála faisnéise laistigh de HIQA freisin a chlúdóidh réimsí amhail rochtain úsáideoirí, córais faireacháin slándála, comhlíonadh na mbeartas slándála agus comhlíonadh na dtreoracha slándála. Chomh maith leis sin, beidh siad ag plé le gníomhaíochtaí amhail feasacht foirne agus oiliúint slándála úsáideoirí a bhainistiú, iniúchtaí agus athbhreithnithe slándála agus bearta leantacha lena chinntiú go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna.

Tá duine muiníneach atá dírithe ar réitigh, a bhfuil fócas láidir aige nó aici ar an gcibearshlándáil, agus a bhfuil cúlra oibriúcháin agus scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta aige nó aici ag teastáil don ról seo.

Riachtanach: 

  • Cáilíocht chéime (Leibhéal 7 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) san Eolaíocht Ríomhaireachta, i dTeicneolaíocht Faisnéise nó i ndisciplín gaolmhar a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar a fógraíodh é. 

Agus

  • Taithí dhíreach 3 bliana ar a laghad i mbainistiú agus i seachadadh riachtanais ghnó éagsúla a chlúdaíonn gach céim forbartha agus seachadta, lena n-áirítear ar a laghad 2 bhliain de bheith ag obair i seachadadh rialachais faisnéise. 

Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

  • Post buan
  • 29 lá de shaoire bhliantúil
  • Scéim Pinsin
  • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
  • Clár Folláine
  • Club Sóisialta
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

Gairmeacha le HIQA (recruitisland.ie)

#IJAdvantage