Information Security Officer
Location: Dublin or Cork or Galway
Grade: Engineer Grade II
Tenure: Permanent
The Information Security Officer role is part of the Information Governance and Assurance team within the Information Division. The Security Officer will assess HIQA’s digital platforms to identify areas of security vulnerability and work with other teams and external partners to provide solutions, manage on-going proactive monitoring of security for HIQA systems and educate staff on information security.
The Security Officer will provide specialised subject matter knowledge and clear guidance on security policy, procedures and assess risks and ensure systems are secured. They will also be engaged in security aspects of assigned projects.
They will monitor and assess security threats or incidents working with HIQA security systems, security tools and with our external technology and security partners.
This role requires a confident, solutions focused individual who has a strong operational background and possesses excellent communication and inter-personal skills.
Essential:
- Degree qualification (minimum Level 7 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a discipline deemed relevant by the Authority for the post as advertised.
and
- Minimum of 3 years’ experience working as an IT cyber security analyst or in a related cyber security or ICT role deemed relevant by the Authority for the post as advertised.
Benefits of working at HIQA:
- Permanent position
- 27 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
Click here to apply
Oifigeach Slándála Faisnéise
Láthair: Baile Átha Cliath nó Corcaigh nó Gaillimh
Grád: Innealtóir Grád II
Tionacht: Buan
Tá ról an Oifigigh Slándála Faisnéise mar chuid den fhoireann um Rialachas agus Dearbhú Faisnéise laistigh den Rannóg Faisnéise. Déanfaidh an tOifigeach Slándála measúnú ar ardáin dhigiteacha HIQA chun réimsí leochaileachta slándála a shainaithint agus oibreoidh sé nó sí i gcomhar le foirne eile agus le comhpháirtithe seachtracha chun réitigh a sholáthar, chun monatóireacht réamhghníomhach leanúnach ar shlándáil a bhainistiú do chórais HIQA agus chun oideachas a chur ar an bhfoireann maidir le slándáil faisnéise.
Soláthróidh an tOifigeach Slándála saineolas ar an ábhar agus treoir shoiléir ar bheartas agus nósanna imeachta slándála, déanfaidh sé nó sí measúnú ar rioscaí agus cinnteoidh sé nó sí go ndaingnítear córais. Beidh siad ag gabháil do ghnéithe slándála na dtionscadal sannta freisin.
Déanfaidh siad monatóireacht agus measúnú ar bhagairtí slándála nó ar imeachtaí slándála ag obair i gcomhar le córais slándála HIQA, le huirlisí slándála agus lenár gcomhpháirtithe seachtracha teicneolaíochta agus slándála.
Tá duine muiníneach atá dírithe ar réitigh ag teastáil don ról seo, ag a bhfuil cúlra láidir oibriúcháin, mar aon le sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
Riachtanach:
- Cáilíocht chéime (Leibhéal 7 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar a fógraíodh é.
agus
- Taithí 3 bliana ar a laghad ag obair mar anailísí cibearshlándála TF nó i ról gaolmhar cibearshlándála nó TFC a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar a fógraíodh é.
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- Post buan
- 27 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Gairmeacha le HIQA (recruitisland.ie)
#IJAdvantage