HIQA is an independent authority established to drive high-quality and safe care for people using our health and social care services in Ireland. Our role is to develop standards, inspect and review health and social care services and support informed decisions on how services are delivered. If you are focused, motivated and seeking a change in your career, then have a look at our current vacancies.

The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Awards

Please note that we do not accept unsolicited CVs or respond to employment queries unrelated to advertised posts. Further information and the link to application forms is available below.

  • Head of Cybersecurity Regulation / An Ceannasaí Rialaithe Cibearshlándála

    Location
    Dublin, Cork or Galway / Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
    Closing date

    Head of Cybersecurity Regulation

    Location: Dublin, Cork or Galway
    Grade: Principal Officer
    Tenure: In the first instance HIQA will create a panel for an anticipated future permanent  vacancy that will arise


    HIQA has recently been designated as a NIS-2 National Competent Authority for the Health and Social care provision sectors. This is a new senior management role for HIQA which will hold responsibility for the establishment and ongoing operational management in the regulation of health and social care services deemed important or essential in accordance with the requirements of the NIS-2 Directive. Areas of assessment in services to be regulated include cyber security governance, risk management and business continuity. The role will require that functions are performed in line with good practice principles of regulation, the relevant legislation and regulations made thereunder.

    Essential: 

    • Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in computer science, information technology or a related discipline deemed relevant by the Authority for the post of Head of Cybersecurity Regulation

    and

    • Professional accreditations such as IS027001 lead auditor, CISSP, CISA, CISM, CRISC or CEH Certification with senior experience in cybersecurity risk assessment, cybersecurity audit or IT audit

    and

    • Full and current driving licence and have access to your own transport

    and

    • at least five years’ cybersecurity experience including application security, PEN testing, IAM, vulnerability management best practices and security strategy and cybersecurity auditing

    and

    • at least three years senior leadership experience working as a CISO or another similar senior leadership/management role deemed relevant by the Authority for the post of Head of Cybersecurity Regulation.

    Benefits of working at HIQA: 

    • 30 days annual leave
    • Pension Scheme
    • Learning and Development Opportunities
    • Well-being Programme
    • Social Club
    • Employee Assistance Programme
    • Academic Education Support Scheme

    Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

    The completed application form must be submitted by 5pm, Monday 09th November 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

    An Ceannasaí Rialaithe Cibearshlándála

    Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
    Grád: Príomhoifigeach
    Tionacht: Ar an gcéad dul síos cruthóidh HIQA painéal le haghaidh folúntas buan a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo

    Táthar tar éis HIQA a ainmniú mar Údarás Inniúil Náisiúnta NIS-2 do na hearnálacha Soláthair Sláinte agus Cúraim Shóisialta. Is ról nua ardbhainistíochta é seo do HIQA ina mbeidh freagracht as cur ar bun agus bainistiú oibríochtúil leanúnach rialú ar na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a mheastar a bheith tábhachtach nó bunriachtanach i gcomhréir le ceanglais na Treorach NIS-2. Áirítear leis na réimsí measúnaithe i seirbhísí atá le rialú rialachas na cibearshlándála, na bainistíochta riosca agus an leanúnachais gnó. Éileofar leis an ról go gcomhlíontar feidhmeanna i gcomhréir le prionsabail dea-chleachtais an rialaithe, an reachtaíocht ábhartha agus na rialacháin a dhéantar fúithi.

    Riachtanach: 

    • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) san eolaíocht ríomhaireachta, teicneolaíocht faisnéise nó i ndisciplín gaolmhar a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar Cheannasaí Rialaithe Cibearshlándála

    agus

    • Creidiúnuithe gairmiúla amhail phríomhiniúchóir IS027001, CISSP, CISA, CISM, CRISC nó Dheimhniúchán CEH ag a bhfuil taithí shinsearach sa mheasúnú riosca cibearshlándála, iniúchóireacht chibearshlándála nó iniúchóireacht TF

    agus

    • Ceadúnas tiomána iomlán atá i bhfeidhm faoi láthair, agus rochtain ar d’iompar féin

    agus

    • taithí cúig bliana ar a laghad sa chibearshlándáil lena n-áirítear slándáil feidhmchlár, tástáil PEN, IAM, dea-chleachtais um bainistiú leochaileacht agus straitéis slándála agus iniúchóireacht chibearshlándála

    agus

    • taithí ceannaireachta sinsearaí trí bliana ar a laghad ag obair mar CISO nó i ról ceannaireachta sinsearaí/ardbhainistíochta eile a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar Cheannasaí Rialaithe Cibearshlándála.

    Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

    • 30 lá de shaoire bhliantúil
    • Scéim Pinsin
    • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
    • Clár Folláine
    • Club Sóisialta
    • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
    • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil.

    Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

    Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5pm Dé Luain, 9 Samhain 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

    #IJAdvantage

  • Directorate Business Manager – Healthcare / Bainisteoir Réigiúnach Stiúrthóireachta – Cúram Sláinte

    Location
    Dublin, Cork or Galway / Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
    Closing date

    Directorate Business Manager – Healthcare 

    Location: Dublin, Cork or Galway
    Grade: Engineer Grade I 
    Tenure: In the first instance HIQA will create a panel for an anticipated future permanent vacancy that will arise

    The Directorate Business Manager - Healthcare, holds senior management responsibility for strategic leadership of all aspects of Healthcare operational responsibilities required to ensure the smooth running of the Healthcare Regulation Directorate within HIQA. Working as a member of the senior management team within the Directorate, and reporting to the Director of Healthcare Regulation, this new strategic role for the Authority encompasses senior leadership, technical, project management and quality improvement responsibilities. 

    The Healthcare Directorate is a growing Directorate within the Authority. It holds the statutory responsibility for monitoring of Healthcare services in both the public and private sector, with a recently expanded role under the Patient Safety Act. The Directorate also monitors and International Protection Accommodation services against National Standards. The Directorate also has responsibilities as a Competent Authority arising from relevant European Legislation in the areas of regulation of medical exposures to ionising radiation, Critical Entities Resilience and Cybersecurity (arising from NIS-2).

    Essential: 

    • Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in the disciplines of Business Management, Quality Management, Commerce or another similar discipline deemed relevant by the Authority for the post of Directorate Business Manager - Healthcare, as advertised

    and

    • CAPM, PMP or PRINCE2 or equivalent project management qualification

    and

    • a minimum of three years’ experience in a leadership or management role – inclusive of people management – in an area deemed relevant to the role of Directorate Business Manager – Healthcare, as advertised

    and

    • a minimum of five years’ experience managing a variety of projects – including projects that involve adaptation or upgrading of pre-existing technology

    and

    • a minimum of four years’ practical experience in the use of customer relationship management information systems (E.g. Microsoft CRM, Salesforce etc).

    Benefits of working at HIQA: 

    • 30 days annual leave
    • Pension Scheme
    • Learning and Development Opportunities
    • Well-being Programme
    • Social Club
    • Employee Assistance Programme
    • Academic Education Support Scheme.

    Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

    The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 2nd November 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

    Bainisteoir Réigiúnach Stiúrthóireachta – Cúram Sláinte 

    Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
    Grád: Innealtóir Grád I 
    Tionacht: Ar an gcéad dul síos cruthóidh HIQA painéal le haghaidh folúntas buan a d’fhéadfadh teacht aníos amach anseo

    Beidh freagracht ardbhainistíochta ag an mBainisteoir Réigiúnach Stiúrthóireachta – Cúram Sláinte as ceannaireacht straitéiseach ar gach gné de fhreagrachtaí oibríochtúla an Chúraim Sláinte is gá chun feidhmiú réidh Stiúrthóireacht an Rialacháin maidir le Cúram Sláinte laistigh de HIQA a chinntiú. Agus an té a cheapfar ag obair mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta laistigh den Stiúrthóireacht, ag tuairisciú do Stiúrthóir an Rialacháin maidir le Cúram Sláinte, cuimseoidh an ról straitéiseach nua sin don Údarás freagrachtaí ceannaireachta sinsearaí, teicniúla, bainistíochta tionscadail agus feabhsaithe cáilíochta. 

    Is Stiúrthóireacht atá ag forbairt í an Stiúrthóireacht Cúraim Sláinte laistigh den Údarás. Tá freagracht reachtúil uirthi as monatóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí Cúraim Sláinte san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon, agus ról a méadaíodh le déanaí aici faoin Acht um Shábháilteacht Othar. Déanann an Stiúrthóireacht monatóireacht freisin ar sheirbhísí Cóiríochta don Chosaint Idirnáisiúnta in aghaidh na gCaighdeán Náisiúnta. Tá freagrachtaí ag an Stiúrthóireacht freisin mar Údarás Inniúil ag éirí as Reachtaíocht Eorpach ábhartha i limistéir an rialaithe ar nochtadh míochaine ar radaíocht ianúcháin, Eintitis Chriticiúla, Athléimneacht agus Cibearshlándáil (ag eascairt as NIS-2).

    Riachtanach: 

    • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplíní na Bainistíochta Gnó, na Bainistíochta Cáilíochta, na Tráchtála nó disciplín comhchosúil eile a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha do phost mar Bhainisteoir Gnó Stiúrthóireachta – Cúram Sláinte, mar atá fógartha

    agus

    • CAPM, PMP nó PRINCE2 nó cáilíocht chomhionann bainistíochta tionscadail

    agus

    • taithí ábhartha trí bliana ar a laghad i ról ceannaireachta nó bainistíochta – lena n-áirítear daoine a bhainistiú – i réimse a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don ról mar Bhainisteoir Réigiúnach Stiúrthóireachta – Cúram Sláinte, mar atá fógartha

    agus

    • taithí cúig bliana ar a laghad i mbun bainistíochta ar réimse tionscadal – lena n-áirítear tionscadail lena mbaineann teicneolaíocht atá ann cheana a oiriúnú nó a uasghrádú

    agus

    • taithí phraiticiúil ceithre bliana ar a laghad in úsáid córas faisnéise bainistíochta caidrimh le custaiméirí (e.g. Microsoft CRM, Salesforce, etc).

    Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

    • 30 lá de shaoire bhliantúil
    • Scéim Pinsin
    • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
    • Clár Folláine
    • Club Sóisialta
    • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
    • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil.

    Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

    Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00pm Dé Luain, 2 Samhain 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

    #IJAdvantage

  • Regional Manager – Children’s Service / Bainisteoir Réigiúnach – Seirbhís do Leanaí

    Location
    Dublin, Cork or Galway / Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
    Closing date

    Regional Manager – Children’s Service

    Location: Dublin, Cork or Galway 
    Grade: Engineer Grade I
    Tenure: HIQA intends to create a national panel for anticipated vacancies that may arise in the following locations: Cork office, Dublin office or Galway office. Successful candidates will be selected in accordance with their panel ranking and geographic location as determined by the operational needs of the organisation.

    The Regional Manager Children’s Services will join the Regulation Directorate team and will also be appointed as an inspector of social services and carry out the function as set out under the Scheme of Determination by the Chief Inspector of Social Services. They will be responsible for managing a team of inspectors of social services and a programme of regulation in designated centres for children in special care and the monitoring children’s social services (Child Protection and welfare services, children’s residential centres, foster care and the detention campus) in line with the HIQA’s and the Chief Inspector’s legal duties and business plan objectives. They will be responsible for supporting the team of inspectors and regulatory support officer and/or other staff as required, ensuring that all staff within their span of responsibility discharge their duties in line with the Chief Inspector Scheme of Determination, regulatory guidance, business rule and HIQA’s policies, procedures and quality assurance mechanisms.

    Essential: 

    • Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in an area relevant to the regulation of designated centres for children in special care and the monitoring of children’s social services, deemed relevant by the Authority for the post of Regional Manager as advertised (for example health services management, social care related such as social work, or social care to the role advertised) 

    or

    • Professional qualification in a role relevant to the post as advertised (relevant social care or social work professional discipline) 

    and

    • Full and current driving licence and have access to your own transport

    and

    • At least 3 years’ experience in a management role, with senior decision making in a health or social care service; regulatory or other setting relevant to the post as advertised.

    or

    • 5 years post qualification experience, working in a regulatory sector relevant to the role as advertised as advertised.

    Benefits of working at HIQA: 

    • 27 days annual leave
    • Pension Scheme
    • Learning and Development Opportunities
    • Well-being Programme
    • Social Club
    • Employee Assistance Programme
    • Academic Education Support Scheme

    Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

    The completed application form must be submitted by 5:00pm Wednesday 21st October 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

    Bainisteoir Réigiúnach – Seirbhís do Leanaí

    Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh 
    Grád: Innealtóir Grád I
    Tionacht: Tá sé i gceist ag HIQA painéal náisiúnta a chruthú le haghaidh folúntais a bhfuiltear ag súil leo a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna láithreacha seo a leanas: oifig Chorcaí, oifig Bhaile Átha Cliath nó oifig na Gaillimhe. Roghnófar na hiarrthóirí rathúla de réir a rangaithe painéil agus a suímh gheografaigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na heagraíochta.

    Rachaidh an Bainisteoir Réigiúnach um Sheirbhísí do Leanaí ar fhoireann na Stiúrthóireachta Rialála, ceapfar an duine sin freisin ina chigire / ina cigire um sheirbhísí sóisialta agus comhlíonfaidh sé nó sí na feidhmeanna mar atá leagtha amach ag an bPríomhchigire um Sheirbhísí Sóisialta faoin Scéim Cinntithe. Beidh an duine a cheapfar freagrach as foireann cigirí um sheirbhísí sóisialta agus clár rialála in ionaid ainmnithe do leanaí faoi chúram speisialta a bhainistiú agus as faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí sóisialta do leanaí (seirbhísí cosanta agus leasa leanaí, ionaid chónaithe leanaí, cúram altrama agus an campas coinneála) i gcomhréir le dualgais dhlíthiúla agus cuspóirí plean gnó HIQA agus an Phríomhchigire. Beidh sé nó sí freagrach as tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na gcigirí agus don oifigeach tacaíochta rialála agus/nó d’fhoireann eile de réir mar is gá, agus a chinntiú go gcomhlíonann an fhoireann uile laistigh dá réimse freagrachta a ndualgais i gcomhréir le Scéim Cinntithe an Phríomhchigire, treoir rialála, rialacha gnó, agus beartais, nósanna imeachta agus sásraí dearbhaithe cáilíochta HIQA.

    Riachtanach: 

    • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a choibhéis) i réimse atá ábhartha do rialú ionad ainmnithe do leanaí faoi chúram speisialta agus faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí sóisialta leanaí, a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha do phost an Bhainisteora Réigiúnaigh mar a fógraíodh (mar shampla, bainistíocht seirbhísí sláinte, cúram sóisialta amhail obair shóisialta, nó cúram sóisialta don ról a fógraíodh) 

    nó

    • Cáilíocht ghairmiúil i ról a bhaineann leis an bpost mar a fógraíodh (cúram sóisialta nó disciplín gairmiúil oibre sóisialta ábhartha) 

    agus

    • Ceadúnas tiomána iomlán atá i bhfeidhm faoi láthair, agus rochtain ar d’iompar féin

    agus

    • Taithí 3 bliana ar a laghad i ról bainistíochta, le cinnteoireacht shinsearach i seirbhís sláinte nó cúraim shóisialta; suíomh rialála nó suíomh eile a bhaineann leis an bpost mar a fógraíodh.

    nó

    • Taithí 5 bliana iarcháilíochta ag obair in earnáil rialála a bhaineann leis an ról mar a fógraíodh.

    Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

    • 27 lá de shaoire bhliantúil
    • Scéim Pinsin
    • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
    • Clár Folláine
    • Club Sóisialta
    • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
    • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

    Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

    Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00pm Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

  • Regional Manager - Healthcare / Bainisteoir Réigiúnach – Cúram Sláinte

    Location
    Galway / Gaillimh
    Closing date

    Regional Manager - Healthcare

    Location: Galway
    Grade: Engineer Grade I
    Tenure: Permanent

    Additionally, to the immediate appointment, HIQA intends to create a national panel for anticipated vacancies that may arise in the following locations: Cork, Dublin or Galway offices. 

    The Regional Manager will join the Healthcare team within the Regulation Directorate. The Regional Manager role as advertised will manage and support a team of inspectors and/or other staff as required, ensuring that all staff within their sphere of responsibility discharge their duties in line with HIQA’s scheme of delegation, policies and procedures and quality assurance mechanisms. The Regional Manager will also be responsible for the programme of regulation and the assessment of compliance with legislation and national standards up to and including enforcement/escalation activity as required.

    The role as advertised will involve monitoring public general hospitals, maternity hospitals, rehabilitation and community inpatient hospital services, and private hospitals following commencement of the Patient Safety (Notifiable Incidents and Open Disclosure) Act 2023. It does not incorporate mental health services, residential care services for older persons or people with disabilities or monitoring exposure to ionising radiation. Separate recruitment campaigns are held for inspectors in these areas. 

    The Regional Manager will lead a team of inspectors to carry out all regulatory activities in accordance with HIQA’s policies, processes and procedures to determine compliance with legislation and national standards, report publicly on findings and respond appropriately when service providers do not meet requirements.  

    Essential: 

    • Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a healthcare related discipline, inclusive of healthcare management, as deemed relevant by the Authority for the post of Regional Manager as advertised

    And

    • Full and current driving licence and have access to your own transport

    And

    • At least three years’ experience in a management role, with senior decision making in a healthcare, regulatory or other setting relevant to the post as advertised.

    Benefits of working at HIQA: 

    • Permanent position
    • 30 days annual leave
    • Pension Scheme
    • Learning and Development Opportunities
    • Well-being Programme
    • Social Club
    • Employee Assistance Programme
    • Academic Education Support Scheme

    Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

    The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 19th October 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

    Bainisteoir Réigiúnach – Cúram Sláinte

    Láthair: Gaillimh
    Grád: Innealtóir Grád I
    Tionacht: Buan

    Chomh maith leis an gceapachán láithreach, tá sé i gceist ag HIQA painéal náisiúnta a chruthú le haghaidh folúntais a bhfuiltear ag súil leo a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna láithreacha seo a leanas: Oifigí i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh.

     Beidh an Bainisteoir Réigiúnach ina bhall den Fhoireann Cúraim Sláinte laistigh den Stiúrthóireacht Rialacháin. Mar a fógraíodh, déanfaidh an Bainisteoir Réigiúnach foireann cigirí agus/nó foireann eile de réir mar is gá a bhainistiú agus tacú leo, lena gcinnteofar go gcuirfidh gach ball foirne faoina raon freagrachta a ndualgais i gcrích de réir scéim tarmligin, bheartais agus nósanna imeachta agus shásraí dearbhaithe cáilíochta HIQA. Beidh an Bainisteoir Réigiúnach freagrach freisin as an gclár rialúcháin agus as measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta agus na gcaighdeán náisiúnta suas le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin/géaraithe, agus é sin san áireamh, de réir mar is gá.

    Is éard atá i gceist leis an ról mar a fhógraítear ná monatóireacht a dhéanamh ar ospidéil ghinearálta phoiblí, ospidéil mháithreachais, seirbhísí ospidéil athshlánúcháin, seirbhísí ospidéil d’othair chónaitheacha sa phobal agus ospidéil phríobháideacha tar éis thosach feidhme an Achta um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha agus Nochtadh Oscailte) 2023. Ní chuimsíonn sé seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí cúraim cónaithe do dhaoine aosta nó do dhaoine faoi mhíchumas, ná monatóireacht ar nochtadh don radaíocht ianúcháin. Reáchtáiltear feachtais earcaíochta ar leith do chigirí sna réimsí sin. 

    Beidh an Bainisteoir Réigiúnach i gceannas ar fhoireann cigirí chun gach gníomhaíocht rialála a dhéanamh i gcomhréir le beartais, próisis agus nósanna imeachta HIQA chun a chinneadh an bhfuil an reachtaíocht agus na caighdeáin náisiúnta á gcomhlíonadh, tuairisceoidh sé nó sí go poiblí ar thorthaí agus freagróidh sé nó sí go hiomchuí mura gcomhlíonann soláthraithe seirbhíse na ceanglais atá orthu.  

    Riachtanach: 

    • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín a bhaineann le cúram sláinte, lena n-áirítear bainistíocht cúraim sláinte, a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar Bhainisteoir Réigiúnach mar a fhógraítear

    Agus

    • Ceadúnas tiomána iomlán atá i bhfeidhm faoi láthair, agus rochtain ar d’iompar féin

    Agus

    • Taithí trí bliana ar a laghad i ról bainistíochta, maille le cinnteoireacht shinsearach i suíomh cúraim sláinte, suíomh rialála nó suíomh eile is ábhartha don phost a fhógraítear.

    Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

    • Post buan
    • 30 lá de shaoire bhliantúil
    • Scéim Pinsin
    • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
    • Clár Folláine
    • Club Sóisialta
    • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
    • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

    Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

    Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00i.n. Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

    #IJAdvantage