Réimsí ina noibrímid

Is é an ról atá ag HIQA caighdeáin a fhorbairt, iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacú le cinntí feasacha maidir leis an gcaoi a ndéantar seirbhísí a sheachadadh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na réimsí ina n-oibrímid, cliceáil ar na naisc thíos le do thoil.

safer better healthcare cover
  • Children's logo
    Déanaimid cigireacht ar chuid de na seirbhísí cúraim shóisialta a bhfuil rochtain ag leanaí orthu lena fháil amach an bhfuil caighdeáin náisiúnta á gcomhlíonadh acu. Tugaimid cuairt ar sheirbhísí, labhraímid le leanaí, lena dteaghlaigh agus le daoine tábhachtacha eile ina saol.
  • disability logo
    Táimid freagrach go dlíthiúil as monatóireacht, cigireacht agus clár ionad ainmnithe do dhaoine fásta agus leanaí faoi mhíchumas.
  • Healthcare icon
    Déanaimid cigireacht ar ospidéil agus ar sholáthraithe cúraim sláinte eile agus labhraímid le hothair, le baill foirne agus le bainisteoirí lena fháil amach an bhfuil caighdeáin náisiúnta á gcomhlíonadh ag soláthraithe cúraim sláinte.
  • Standards icon
    Féachaimid le cáilíocht agus sábháilteacht na seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta a fheabhsú trí chaighdeáin náisiúnta a leagan síos agus trí threoir a fhoilsiú.
  • Health information icon
    Tá sé mar aidhm againn cur chuige comhsheasmhach agus caighdeánaithe a fhorbairt maidir le faisnéis cúraim sláinte agus shóisialta laistigh de thírdhreach r-Shláinte agus faisnéise sláinte na hÉireann.
  • Health Technology Assessment icon
    Déanaimid meastóireacht ar éifeachtúlacht chliniciúil agus ar chost-éifeachtúlacht clár sláinte, beartas, cógas, trealaimh mhíochaine, teicnící diagnóiseacha agus máinliachta, gníomhaíochtaí cur chun cinn agus cosanta sláinte, agus comhairle a sholáthar chun lántairbhe a bhaint as acmhainní a éascú mar aon leis na torthaí is fearr do dhaoine a úsáideann ár seirbhís sláinte.
  • Radiation icon
    Is é HIQA an t-údarás inniúil neamhspleách atá freagrach as nochtadh leighis ar radaíocht ianúcháin a rialáil, agus as athbhreithnithe fianaise agus forbairt treoirlíne a chur i gcrích.
  • Lens logo
    Tugtar le chéile sa bhunachar sonraí fógraí a fuarthas ó sheirbhísí cúraim sóisialta sonraithe, ionaid chónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas go príomha.
  • NCEP logo
    Tugtar le chéile sa bhunachar sonraí fógraí a fuarthas ó sheirbhísí cúraim sóisialta sonraithe, ionaid chónaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas go príomha.
  • Older People's Services
    Táimid freagrach as monatóireacht, cigireacht agus clárú gach tí altranais in Éirinn agus lena chinntiú go mbeidh áitritheoirí sábháilte agus go bhfaighidh siad ardchaighdeán cúraim.
  • National Clinical Guideline Support
    Táimid freagrach as an bhfianaise a sholáthar chun tacú treoirlínte cliniciúla náisiúnta a fhorbairt. Tá sé mar aidhm leis na treoirlínte cúraim sláinte reatha, éifeachtach agus comhsheasmhach a chur chun cinn, rud a chinnteoidh na torthaí is fearr d’othair agus do dhaoine a úsáideann seirbhísí.
  • IPAS logo
    Táimid freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na n-ionad buan seirbhíse cóiríochta cosanta idirnáisiúnta.